IRISH | ENGLISH

FÁILTE GO

Final

Seó úrnua cleamhnais do TG4 - An féidir ceangal a chothú thar bhéile 3 chúrsa?

An sprioc is mó ná an splanc

3 Chúrsa, 3 Choinne, 1 Splanc

Comhrá éagsúil. Fuinneamh éagsúil. Seans éagsúil.
In ionad a bheith síoraí ag svaidhpeáil, nó ag dul ar choinne chiotach amháin i ndiaidh a chéile, buailfidh gach rannpháirtí ar Aperitíf le triúr éagsúil i gcaitheamh béile amháin – duine difriúil ag an Réamhchúrsa, ag an bPríomhchúrsa agus an Mhilseog.

Buailfaidh tú le triúr éagsúil, a roghnófar go cúramach chun do chritéir a chomhlíonadh. Faoi dheireadh an bhéile, beidh a fhios agat cé acu a chuir ag gáire thú, cé acu a chuir iontas ort agus cé acu ar mhaith leat iad a fheiceáil arís, nó siúl amach leo ar an bpointe boise!

Brú ar bith ... Deifir ar bith ... Cúrsa amháin ag an am.


Dogu tuncer zy7CmGVlDkA unsplash
Zahra omer 5FIttpRiLQY unsplash
Kateryna hliznitsova ZPotPin3Vmg unsplash(1)
2149216164
Tabitha turner ae dOacFfAs unsplash

ROGHA SPEISIALTA

Ó roghchlár Aperitíf

Tá daoine singil ó fud fad na hÉireann á lorg againn le haghaidh clár uathúil Éireannach a bheidh lán le croí agus le greann.
Tá Aperitíf oscailte do dhuine ar bith idir 18 - 100 bliain d'aois, agus cuirimid fáilte roimh dhuine ar bith a bhfuil Gaeilge acu; ó fhoghlaimeoirí go cainteoirí líofa.

Is tábhachtaí an comhrá ná an cleamhnas.

An bhfuil fonn ort bualadh le daoine nua?


Is tábhachtaí an t-atmaisféar ná an t-algartam.

An bhfuil tú réidh le tabhairt faoi eachtra bheag éadrom?


Splanc gan strus.

An bhfuil tú réidh le haghaidh "Grá ar an gcéad ghreim"?

Má tá, ba bhreá linn cloisteáil uait.

Rannpháirtithe á lorg anois don chéad séasúr.

Lig dúinn cleamhnas a dhéanamh duit ar Aperitíf

Cibé má tá tú:

  • Singil arís le déanaí.
  • Singil le fada an lá
  • Nó réidh le “cén dochar?” a rá.

Ba bhreá linn cloisteáil uait.

Déan iarratas anois agus téigh sa seans le rud éigin nua.

Tá Aperitíf á léiriú don teilifís in Éirinn. Léireofar meas ar gach iarratasóir, caithfear go haireach leo agus coinneofar sonraí na n-iarratasóirí faoi rún.

50s couple.png
Pexels shvets production
Look studio xQ2w4YnbNS4 unsplash
Natalia blauth vuzDnTI U54 unsplash
Pexels polina tankilevitch
IStock 2195135099 small

TÉIGH SA SEANS LE RUD ÉIGIN NUA.

An bhfuil ceisteanna agat faoi Aperitíf?

Cathain agus cá háit a bheidh an scannánú ar siúl?

Beidh an scannánú ar siúl i lár mhí Aibreáin 2026, in ait éigin i lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

An bhfaighidh mé íocaíocht as páirt a ghlacadh sa chlár?

Ní bhfaighidh tú táille as láithriú ar an gclár, ach íocfaidh an léiriúchán as gach bia agus deoch. Níl le déanamh agat ach tú féin agus do phearsantacht spleodrach a thabhairt leat.

An gá dom a bheith líofa sa Ghaeilge chun seans a bheith agam páirt a ghlacadh sa chlár?

Is é an freagra gairid ná NÍ GÁ. Is sraith an-chuimsitheach í seo agus táimid ag lorg gach leibhéal cainteoirí Gaeilge, ón “gcúpla focal” go dtí an “Ghaeilge líofa”. Dóibh siúd nach bhfuil an Ghaeilge líofa acu, nach iontach an deis é níos mó Gaeilge a fhoghlaim le páirtí nua.

Cad iad na seansanna go bhfaighidh mé céile oiriúnach dom féin?

Déanfaidh muid ár ndícheall tú a mheaitseáil le páirtithe comhoiriúnacha, agus ansin is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamh cé atá oiriúnach duit agus cé nach bhfuil.

An bhfuil mo shonraí pearsanta sábháilte?

Tá, stóráiltear gach sonra pearsanta go sábháilte agus ní choinnítear iad ach go dtí go mbeidh gá leo chun do rannpháirtíocht a dheimhniú nó a dhiúltú. Ní roinntear aon sonraí le tríú páirtithe riamh ná ní choinnítear iad níos faide ná mar is gá chun an léiriúchán a chur i gcrích.

Cén comhlacht atá á léiriú?

Is é Abú Media Teoranta, comhlacht léiriúcháin a bhfuil duaiseanna buaite aige atá lonnaithe i nGaillimh, atá ag léiriú an chláir. Seo nasc chuig a suíomh gréasáin: www.abumedia.com

Cé chomh luath is a chloisfidh mé ar ais uaibh?

Tabharfaimid freagra ar gach fiosrúchán laistigh de sheachtain amháin ó ríomhphost a fháil uaibh.